top of page
Pictiúr 1

Pictiúr 1

Sa chéad phictiúr, tá buachaill agus cailín ag siúl in aice le loch. Tabharfaidh mé Nóra agus Aodán orthu. Tá brístí, seaicéid agus brogán siúlóide orthu. Tá mála ag an mbeirt acu. Tá gruaig dhubh ar Aodán agus gruaig fhionn ar Nóra. Tá siad ag caint le chéile. Tá fear ina shuí i mbád ar ancaire agus sílim go bhfuil an fear ag iascaireacht. Tá sé ag caitheamh seaicéid tarrthála. Tá fógra mór ar an taobh eile den loch agus an focal "Dainséar" scríofa air.

Pictiúr 2

Pictiúr 2

Sa dara pictiúr, téann Aodá agus Nóra ag snámh. Níl aon duine eile ag snámh.

Pictiúr 3

Pictiúr 3

Anois tá Aodán I gcruachas. Tá a dhá lámh thuas san aer aige agus é ag glaoch ar chabhair. Tá eaglas air. Is dócha go bhfuil Nóra imithe ar thóir cabhrach mar níl sí sa loch anois.

Pictiúr 4

Pictiúr 4

Sa phictiúr seo tagann an t-iascaire I gcabhair ar Aodán. Beireann sé greim ar a dhá lámh agus tógann sé isteach ina bhád é. Ansin téann an bád go bruach an locha. Tá slua daoine bailithe ar an mbruach agus cabraíonn siad le hAodán teacht i dtír.

 

No recordings available for english translations 

Sráith Pictiúr 3

FRENCH FORMALATIES - Ms. O'Dwyer!
00:00 / 00:00

© 2015 by TheOral.ie

bottom of page