top of page
TheOral.ie
![]() Pictiúr 1Tá ceathrar duine sa chéad phictiúr - beirt déagóirí, agus beirt daoine níos sine atá ina suí ag caint le chéile. Tá siad in ionad siopadóireachta mar feicim siopaí difriúla: Siopa Uí Mhurchú, agus tá na déagóirí ag féachaint isteach an fhuinneog. Tá sé a trí a chlog. | ![]() Pictiúr 2Go tobann siúlann cailín beag suas chuig na déagóirí. Is cailín óg í, timpeall ceithre bliana d'aois le gruaig dhubh. Tá gúna stríocach agus riteoga dubha uirthi. Tá an cailín beag ina haonar agus tá sí ag caoineadh. Fiafraíonn an cailín di cén fáth a bhfuil sí ag caoineadh agus deir sí go bhfuil sí caillte. | ![]() Pictiúr 3I bpictiúr a trí beireann na déagóirí ar lámha an chailín agus tógannsiad go dtí an deasc eolais í. Tugann siad ainm agus aois an chailín don bhean taobh thiar den chuntar. Cláonn sí na sonraí amach ar mhicreafón agus deir sí go bhfuil an cailín beag slán sábháilte ag an deasc eolais. Tá bean ag siúl thart agus dhá mhála siopadóireachta ina lámha aici. |
---|---|---|
![]() Pictiúr 4Anois, tagann tuismitheoirí an chailín. Chuala siad an fógra agus bhí áthas an domhain orthu. Beireann a máthair greim an duine bháite uirthi agus tógann sí suas ina baclainn í. Tá áthas ar an gcailín óg freisin mar tá sí sábháílte. Tugann a Daid fiche euro do na déagóirí. Tá áthas orthu. |
No recordings available for english translations
Sráith Pictiúr 4
FRENCH FORMALATIES - Ms. O'Dwyer!
00:00 / 00:00
bottom of page